Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Lá Mhaigh Eo

Is éard atá in Lá Mhaigh Eo ceiliúradh ar ‘Spiorad Mhaigh Eo’ i measc pobal ar fud an domhain atá tar éis dul ó neart go neart. Le linn dheireadh seachtaine na Bealtaine, bíonn deis ag muintir Mhaigh Eo sa bhaile agus i gcéin ceiliúradh a dhéanamh ar gach uile rud atá go hiontach faoina gcontae forásach, contae a bhfuil meon dearfach mar dhlúthchuid de. Is deis iontach é an lá seo do ghnóthaí, pobail, teaghlaigh agus daoine aonair ceiliúradh a dhéanamh ar ár bhféiniúlacht agus ar an áit arb as dúinn – lá sa bhliain a thugann aitheantas do Mhaigh Eo agus dá mhuintir.

Back to top *T*