Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Leabharlanna Scoile


Cuireann Seirbhís Leabharlainne Scoile Mhaigh Eo an iliomad eolais agus áiseanna ar fáil do na múinteoirí tacaíochta foghlama agus múinteoirí acmhainne uile i mbunscoileanna Chontae Mhaigh Eo.  Más mian leat leas a bhaint as an tseirbhís speisialta seo is féidir coinne a dhéanamh linn leis na sonraí teagmhála ag bun an leathanaigh seo.  Ba mhór againn dá líonfá amach cóip den Schools Library Registration Form‌ agus é a chur chugainn ar ríomhphost roimh ré nó a bhreith leat chuig an gcruinniú.

Tá an tSeirbhís Scoile lonnaithe i gCeanncheathrú na Leabharlainne, agus cuireann sí na seirbhísí a leanas ar fáil:

  • Bailiúchán Acmhainní do Mhúinteoirí (BAM)
    Is ann don bhailiúchán seo chun eolas agus cúnamh a thabhairt do ghnáthmhúinteoirí agus do mhúinteoirí riachtanas speisialta araon. I measc na n-ábhar a clúdaítear tá Uathachas; Bulaíocht, Páistí Tréitheacha, Féinmheas; NHEA srl. Tugann an bailiúchán tús áite d'údair agus do leabhair a leagann amach straitéisí ar féidir cur i bhfeidhm sa bhaile agus sa seomra ranga. Is féidir catalóg an Teacher Resource Collection‌ a íoslódáil anois. (osclaítear fuinneog nua)
  • Sainseirbhís do Mhúinteoirí Tacaíochta Foghlama agus do Mhúinteoirí Acmhainní
    Tá bailiúchán speisialta d’ábhar ar fáil i Rannóg na Leabharlainne Scoile. I measc na n-acmhainní atá ann tá ábhar léitheoireachta ‘Hi/Lo’ (do pháistí le spéis mhór ach cumas lag léitheoireachta) chomh maith le sraitheanna leabhar ar nós Wolf Hill, Story World, Sparklers, Gigglers, Barrington Stokes, agus go leor eile.
  • Bailiúchán Dátheangach
    Tá bailiúchán speisialta de leabhair dhátheangacha ar fáil chun freastal ar riachtanais an lear mór scoláirí eachtrannacha a bhíonn ag freastal ar scoileanna i Maigh Eo.An téacs Béarla taobh le teanga amháin eile a bhíonn sna leabhair seo, mar shampla: Béarla/Gúisearáitis; Béarla/Somáilis; Béarla/Polainnis; Béarla/Urdúis etc. Acmhainní Ilchultúrtha
  • Bailiúchán ‘Tadhaill, Clois agus Feic’
    Tá bailiúchán speisialta dar teideal ‘Tadhaill, Clois agus Feic" ar fáil do pháistí atá faoi mhíchumas, nó atá faoi mhíchumas ar bhreis is bealach amháin, agus cuirtear ar fáil do mhúinteoirí SEN (Riachtanais Spesialta Oideachais) agus múinteoirí ranga araon iad.
  • Seirbhís Iarratais
    Tig le múinteoirí leabhair ar leith, leabhair le húdar ar leith, nó leabhair ar ábhar ar leith a iarraidh ón leabharlann. Má tá sé de dhíth go práinneach, is féidir na leabhair a chur amach sa phost nó a sheachadadh chuig an scoil féin nó chuig an leabharlann is cóngairí dóibh i Maigh Eo.
  •  Seirbhís Comhairle
    Tugtar treoir agus comhairle i leith gach gné de litríocht, léitheoireacht agus forbairt litearthachta pháistí. Tá comhairle agus saineolas ar fáil chomh maith maidir leis an gcaoi chun leabharlann scoile a chur ar bun agus a eagrú. Tugann an tSeirbhís Scoile cúnamh le himeachtaí agus ócáidí speisialta a bhaineann le leabhair, agus soláthraíonn siad leabharliostaí do pháistí ar réimsí éagsúla ábhar.
Back to top *T*