Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Eisimirce as Éirinn


Ó luath san ochtú haois déag go dtí le gairid tá eisimirce mar ghné shuntasach i saol na hÉireann. Fiú roimh an nGorta Mór, a thosaigh i 1845, bhí cáil ar Éirinn mar gheall ar an lear mór daoine a bhíodh ag fágáil na tíre. Cé gurb iad na 1850idí uasphointe na heisimirce, tá sí ag leanúint ar aghaidh gan mórán stad anuas go dtí na 1980idí.

Is chuig Meiriceá a théadh formhór na n-Éireannach a théadh ar eisimirce. Meastar go ndeachaigh i bhfad os cionn 6 milliún Éireannach chuig Meiriceá ó 1820.

I nDeireadh Fómhair 1845 tháinig dúchan tromchúiseach ar phrátaí na hÉireann, a mhill trí ceathrú de bharr na tíre. Ba thubaiste a bhí ansin mar go raibh os cionn ceithre mhilliún duine in Éirinn ag brath ar an bpráta mar a bpríomhbhia. Tháinig an dúchan ar ais i 1846 agus meastar gur bhásaigh 350,000 duine an bhliain sin de bharr an ghorta agus de bharr bhriseadh amach an fhiabhrais dhuibh a scrios daonra a bhí lagaithe. Léiríonn na figiúirí don tréimhse sin ardú suntasach i líon na nÉireannach a chuaigh chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá. Faoi dheireadh 1854 chuaigh beagnach dhá mhilliún duine - thart ar an ceathrú cuid den daonra - ar eisimirce chuig na Stáit Aontaithe i ndeich mbliana.

Tugann na figiúirí thíos roinnt léirithe ar scála an fheiniméin:
1 milliún  1815 –1845
2 milliún 1846 – 1855
3.5 milliún 1856-1921     

Meastar gurbh Éireannaigh a bhí in 81% (990,000) de na heisimircigh ar fad a chuaigh go Meiriceá idir 1851 agus 1860.

Gné shuntasach d’eisimirce na hÉireann ná an líon ard ban, mná óga singile go minic, a chuaigh ar eisimirce go Meiriceá. Idir 1856 agus 1921 ba mhná óga iad leath na n-eisimirceach. Mar shampla, idir 1876 agus 1885 ba é cóimheas mná/fir ó Chontae Mhaigh Eo trí dhá chalafort Éireannach chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá ná 120:100 agus sna blianta 1886 go dtí 1905 shroich sé uasphointe 175:100.
Foinse; Fitzpatrick, David, “The Modernization of the Irish Female”, in Rural Ireland 1600-1900:  modernisation and change, (Corcaigh, Cork University Press, 1987) de chuid P O’ Flanagan, P Ferguson agus K. Whelan (eds.)

In Éirinn breathnaítear ar eisimirce mar dheoraíocht neamhthoiliúil, gur cuireadh iallach ar dhaoine agus nach raibh aon rogha acu ina thaobh. Ciallaíonn an focal ‘deoraí’ duine a théann ar deoraíocht agus breathnaítear air mar chaillteanas agus bíonn sé sin le feiceáil chomh maith i bhfeiniméan an "tórraimh Mheiriceánaigh" a rinne comparáid idir eisimirce agus bás.  Tréith eile a bhain le heisimirce na hÉireann ná nár fhill mórán eisimirceach ar Éirinn. Inniu aithníonn an séú cuid de shaoránaigh na Stáit Aontaithe (43 milliún) gur in Éirinn atá a gcúlra.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar eisimirce na hÉireann téigh chuig láithreán Gréasáin an Ionaid um Léann Imirce ag Daonpháirc Uladh Mheiriceá

(nasc seachtrach; osclaítear fuinneog nua)

Back to top *T*