Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Seirbhís Ealaíon Mhaigh Eo

Na hEalaíona agus Míchumas

Tá Seirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo tar éis gealltanas a thabhairt cuid mhór oibre a dhéanamh i réimse na n-ealaíon do dhaoine faoi mhíchumas go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Tá daoine faoi mhíchumas ar fud an chontae tar éis a bheith ag comhoibriú le healaíontóirí agus le hionaid ar thionscadail, mar shampla an tionscadal píolótach um Líonrú Ealaíon agus Míchumais, 2008 go 2010; an tionscadal Altered Images; agus an tionscadal Ignite, 2013 go 2015.  

Tugtar maoiniú gach uile bliain do roinnt tionscadail fhadtéarmacha a bhfuil an comhionannas mar bhunús leo, ina measc Grúpa Ealaíne Luisne.

Nuair is féidir, déantar gach iarracht deiseanna rannpháirtíochta a chruthú do dhaoine faoi mhíchumas le gur féidir le grúpaí daoine faoi mhíchumas páirt a ghlacadh i gcodanna eile den chlár.

Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir le hobair na Seirbhíse Ealaíon i réimse na nEalaíon do Dhaoine faoi Mhíchumas ach teagmháil a dhéanamh le Damien O'Connor, Comhordaitheoir na nEalaíon do Dhaoine faoi Mhíchumas, Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo, ar 094 906 4363 nó ag doconnor@mayococo.ie


Back to top *T*