Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Forbairt Chomhtháite Pobail

An Pobal Feasta


Is éard atá i bPobal Feasta Mhaigh Eo ná próiseas ón mbonn aníos atá faoi stiúir an phobail agus a chabhraíonn leis Plean Gníomhaíochta 5 bliana a chur le chéile dó féin. Tugann an próiseas seo deis do gach duine sa phobal cur leis an bPlean Gníomhaíochta agus a gcuid ábhar imní agus smaointe a chur chun tosaigh maidir le forbairt an phobail.

  • Torthaí an Chláir
    • Spreagann sé níos mó daoine le bheith gníomhach agus rannpháirteach sa phobal.
    • Déanann sé eagraíochtaí áitiúla pobail a neartú agus a fhorbairt.
    • Cabhraíonn sé le pobail tionscadail agus gníomhartha ar cheart tús áite a thabhairt dóibh a aithint agus dul chun cinn a dhéanamh leo.
    • Cabhraíonn sé le gníomhaireachtaí cistiúcháin an cheist choitianta seo a fhreagairt: Cén chaoi a bhfuil a fhios agat go bhfuil tábhacht ag baint leis an tionscadal (nó an tseirbhís) seo don phobal?
    • Cinntíonn sé go gcuirtear riachtanais agus mianta an phobail san áireamh i bpróisis pleanála straitéisí an Chontae.
    • Cuireann sé cáipéis ar fáil don phobal, a bhfuil tacaíocht aici sa phobal, ina ndéantar ionadaíocht ar a shon ag leibhéal áitiúil, leibhéal an chontae agus leibhéal náisiúnta.
  • Conas cuir isteach air?

    Fógraítear an clár sna páipéir áitiúla agus tríd an Líonra Rannpháirtíochta Pobail (LRP). Is féidir do shuim a léiriú ag am ar bith trí úsáid a bhaint as na huimhreacha agus na seoltaí teagmhála thuas. Pobal ar bith a léiríonn suim sa chlár, bíonn air dul trí phróiseas agallaimh le fáil amach an bhfuil sé réidh le tabhairt faoin gclár agus in ann aige.  

     

  • Pobail a ghlac páirt sa chlár
    • 2007 Baile Chruaich, Béal Átha hAmhnais, Ceathrú Mhór Leacan (Cill Chuimín), Oileán Éadaí                       
    • 2008 Balla, Ceathrú an Chaisil-Rúscaigh, Cluain Cearbán, an Cillín, Partraí
    • 2010 Béal Easa, Coill an Bhaile, an Mhala Raithní, Turlach 
    • 2011 Ardach, Cill Cheallaigh, Baile Uí Fhiacháin
    • 2012 Baile na Cora, Tuar Mhic Éadaigh
    • 2013 Ceathrú na Con, Cill tSéine, Béal Átha na Muice
    • 2014 An tSráid, Cliara
    • 2015 Cill Ala, Baile Chathail, Crois Mhaoilíona, Inis Toirc
    • 2016 An Baile Glas, Cnoc Mhuire
    • 2017 Acaill
    • 2019 Béal an Mhuirthead, Coillte Mach
  • Céard atá i gceist le haghaidh gach pobal?

    Má tá pobal ag glacadh páirte sa chlár, is gá dó Grúpa Stiúrtha de chuid an Phobail Feasta a chur ar bun. Ar an nGrúpa Stiúrtha seo beidh ionadaithe ó réimse leathan clubanna agus eagraíochtaí áitiúla, ar mhaithe leis an bpróiseas pleanála a stiúradh go háitiúil. Ainmnítear Saorálaí Tacaíochta Pobail le cabhrú leis an nGrúpa Stiúrtha, le hé a threorú tríd an bpróiseas agus le cúnamh a thabhairt dó tabhairt faoin gcomhairliúchán pobail a bheidh ina chéim thábhachtach sa phlean.

  • Céimeanna an Chomhairliúcháin Pobail
    • Suirbhé a dhéanamh i measc teaghlach agus gnólachtaí
    • Cruinnithe a eagrú le daoine aonair agus le hearnálacha éagsúla de chuid an phobail
    • Próifíl den phobal a ullmhú ina sonraítear fíricí agus figiúirí
    • Lá Pobail a reáchtáil
    •  Ag deireadh an chomhairliúcháin ullmhaítear Plean Gníomhaíochta Pobail ina ndéantar achoimre ar na nithe seo a leanas:

    • An fhís atá ann don phobal
    • Staid reatha an phobail
    • Na príomhcheisteanna a gcaithfear díriú orthu
    • Na tosaíochtaí ó thaobh tionscadal agus gníomhartha de
    • Dáiltear an plean ar na teaghlaigh uile agus ar ghníomhaireachtaí ábhartha poiblí.
  • Cén fhad a ghlacann an próiseas?

     Glacann an próiseas thart ar 6 mhí ón uair a roghnaítear an pobal.

  • Cé mhéad a chosnaíonn sé?

    Clúdaíonn An Pobal Feasta mórchuid an chostais, ach tá seans ann go mbeidh costais bhreise ann le haghaidh póstaer, sólaistí ag an Lá Pobail, etc.

  • Céard a tharlaíonn nuair a chuirtear an Plean Gníomhaíochta i gcrích?

    Nuair a chuireann pobail a gcuid Pleananna Gníomhaíochta i gcrích, tugtar Oibrí Tacaíochta dóibh chun cabhrú leo tabhairt faoi na tionscadail atá sa phlean. Chomh maith leis sin, reáchtáiltear roinnt cruinnithe gréasáin ar fud an chontae gach bliain mar chuid den chlár, áit ar féidir leis na pobail a gcuid taithí agus a gcuid scileanna a roinnt. 

Newsletter Sign Up Community Futures

Back to top *T*