Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

An Bhithéagsúlacht & Oidhreacht Nádúrtha

Tionscadal Gabhlán Gaoithe Mhaigh Eo


Is éard atá i dTionscadal Gabhlán Gaoithe Mhaigh Eo tionscadal caomhnaithe tábhachtach atá ar bun le cosaint a thabhairt don speiceas éin seo atá i mbaol. Tá ár ngabhláin ghaoithe faoi bhagairt agus tá an Oifig Oidhreachta ag obair le Swift Conservation Mayo  chun stop a chur leis an meath seo.

Tá an gabhlán gaoithe ar liosta ómra na hÉireann ó thaobh an chaomhantais de, de bharr an laghdaithe 40% atá tagtha ar líon na n-éan sin le 15 bliana anuas. Ta gníomhaíochtaí caomhnaithe ar fud na tíre ag cabhrú le líon na ngabhlán gaoithe a athshlánú.

Tagann gabhláin ghaoithe go dtí ár mbailte gach uile bhliain ar feadh ceithre mhí. Tagann siad i mí Aibreáin agus fágann siad déanach i mí Lúnasa. Tá na ceithre mhí seo an-tábhachtach mar gheall go bhfuil siad ag teacht anseo le bheith ag pórú agus mar gheall air sin, tuigtear gurb í an tír seo a n-áit chónaithe.

Tá gabhláin ghaoithe an-dílis dá láithreáin neadaithe. Chomh luath is a aimsíonn siad áit le nead a thógáil, tiocfaidh siad ar ais gach uile bhliain don chuid eile dá saol. Is féidir tionscadail boscaí neadaithe a bheith ina n-áit chónaithe do phéirí goir.

Beidh Tuarascáil Shuirbhé Ghabhlán Gaoithe Mhaigh Eo ar fáil le híoslódáil anseo go luath.

Back to top *T*