Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Seirbhísí

Oifig Na Gaeilge


Is údar mór bróid dúinn gur contae Gaeltachta é Maigh Eo a bhfuil pobal beomhar labhartha Gaeilge ann. Déanann ár n-oifig úsáid na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn sa Chontae agus cabhraíonn sí le forbairt agus le cur i ngníomh beartas dátheangach an Údaráis Áitiúil.

Tá ceantair Ghaeltachta Iorrais, Acla, Inis Bigil agus Thuar Mhic Éadaigh saibhir le seanchas, scríbhneoireacht, ceol, suíomhanna stairiúla agus seandálaíocha, agus níos tábhachtaí ná seo, is ceantair labhartha Gaeilge iad. Tá muid tiomanta do chosaint oidhreacht uathúil theangeolaíoch an Chontae, agus do chur chun cinn na Gaeilge mar theanga phobail ina cheantair Ghaeltachta.

Tá pobal suntasach labhartha Gaeilge taobh amuigh de na ceantair Ghaeltachta, agus dúirt os cionn 44% de dhaonra an Chontae gur cainteoirí Gaeilge iad sa daonáireamh is déanaí.

Má tá eolas á lorg agat maidir leis an nGaeilge i Maigh Eo, imeachtaí dírithe ar an teanga a chur chun cinn nó bealaí chun an teanga a fhoghlaim, ní gá ach clicéail ar na naisc atá le fáil ar leathanaigh seo.




Back to top *T*