Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Forbairt Ghairmiúil Leanúnach

Forbairt Ghairmiúil Leanúnach


 

Déanann Seirbhís Ealaíon Mhaigh Eo imeachtaí forbartha gairmiúla, laethanta eolais agus máistir-ranganna a reáchtáil agus a éascú chun cabhrú le cleachtóirí cruthaitheacha barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna gairmiúla agus chun cur lena bhforbairt ghairmiúil.

Leagtar an-bhéim ar an aischothú a fhaighimid ó rannpháirtithe agus ó bhaill den phobal ealaíon agus muid ag cur le chéile ár gclár de dheiseanna forbartha gairmiúla le healaíontóirí, féilte agus ionaid ealaíon.

 

Forbairt Ghairmiúil Leanúnach

Oibríonn an tSeirbhís Ealaíon i gcomhpháirt le héascaitheoirí agus le hionaid ealaíon ar mhaithe leis an gclár seo a chur ar fáil ar fud an réigiúin. Trínár gclár forbartha gairmiúla de cheardlanna agus de laethanta eolais, cuireann rannpháirtithe lena scileanna, lena n-eolas agus lena dteagmhálacha, rud a chabhraíonn leo a gcleachtas agus a gcuid spriocanna pearsanta a fhorbairt thar na réimsí éagsúla ealaíon.   

Fógraítear ceardlanna atá ar na bacáin ar leathanaigh meán sóisialta Sheirbhís Ealaíon Mhaigh Eo agus ina nuachtlitir. Má theastaíonn uait ár Nuachtlitir a fháil is féidir leat clárú anseo. 

Faigheann an clár seo maoiniú straitéiseach ó Chomhairle Contae Mhaigh Eo i gcomhpháirt le Comhairle Ealaíon na hÉireann.

 

Arts News Sign up to Mayo Arts Service newsletter.

Back to top *T*