Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Seirbhísí Tithíochta

Athruithe mar gheall ar COVID-19


Athruithe i bhfianaise Covid-19


Fógra Poiblí Maidir le Tionóntachtaí ÍCT (Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta)

I bhfianaise cúrsaí COVID-19 agus fógraí a d’eisigh an rialtas le déanaí mar gheall ar bhearta atá á gcur i bhfeidhm le dul i ngleic le leathadh COVID-19, tá an t-eolas seo á chur in iúl do thionóntachtaí ÍCT, le cinntiú go leanfaidh tionóntachtaí ÍCT ar aghaidh.  

Mura dtagann athrú ar bith ar chúinsí airgeadais an tionónta ÍCT mar gheall ar na céimeanna atá á dtógáil le dul i dteagmháil le leathadh COVID-19, níor cheart go dtiocfadh aon athrú ar fheidhmiú na scéime- leanfar ag déanamh íocaíochtaí leis an tiarna talún agus leanfar ar aghaidh ag bailiú cíos difreáil an tionónta;

Má thagann athrú ar chúinsí airgeadais an tionónta mar gheall ar COVID-19, ba cheart do na tionóntachtaí sin dul i dteagmháil leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí agus cur isteach ar na tacaíochtaí ábhartha anseo

Le teacht thart ar an riachtanas go mbuailfeadh an t-iarrthóir isteach chuig Oifigí an Údaráis Áitiúil, ba cheart cáipéisí a fhaightear ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí a scanadh nó ba cheart grianghraif a ghlacadh díobh agus iad a sheoladh isteach chuig an Údarás Áitiúil, mar fhianaise ar athrú ar chúinsí airgeadais;

De bharr go bhféadfadh leibhéil foirne a bheith laghdaithein Oifigí d’Údaráis Áitiúil, tá seans go gcuirfear moill ar mhéideanna cíosanna difreálacha a leasú- ní bheidh aon tionchar ag seo ar d’Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta le do thiarna talún.

Déanfaidh an tÚdarás Áitiúil riaráistí cíosanna difreálacha a chnuasaíonn i ndiaidh leagan isteach cáipéisí RGFCS le linn bearta COVID-19 a athmheas agus a réiteach mar is cuí, in am is i dtráth- ní bheidh aon tionchar ag seo ar d’Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta le do thiarna talún.

Ar mhaithe le teagmháil dhíreach a laghdú ba cheart do thionóntaí ÍCT seiceáil leis an Údáras Áitiúil an féidir a ngnó a dhéanamh ar an ghuthán nó go leictreonach. Ba cheart dóibh é seo a chinntiú sula dtéann siad go dtí Oifigí an Údaráis Áitiúil.

Aithníonn an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtas Áitiúil an brú breise atá ar thiarnaí talún agus ar thionóntaí mar gheall ar ghéarchéim COVID-19 agus tá siad ag obair le hÚdaráis Áitiúla agus leis an Ionad Seirbhísí Roinnte ÍCT le cinntiú go leanfar le tionóntachtaí ÍCT le linn na tréimhse seo.  

Covid-19: HPL1 Próiseas Sealadach

Ba cheart d’Iarratasóirí Thithíocht Shóisialta agus Iarratasóirí Atógáil Éireann tabhairt faoi deara go bhfuil socrú sealadach curtha i bhfeidhm i ngeall ar ghéarchéim Covid-19 a bhainfidh an riachtanas go gcaithfidh siad foirm chomhlánaithe HPL1 a fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim trí bhualadh isteach go dtí an oifig, tríd an bpost nó ó chórais ar line na gCoimisinéirí Ioncaim ROS/Mo Chuntas   

In ionad sin, is féidir leis an iarratasóir iarraidh ar an Údarás Áitiúil tabhairt faoin phróiseas leictreonach leis an eolas a lorg ó na Coimisinéirí Ioncaim. Ba cheart do dhaoine ar mian leo leas a bhaint as an rogha seo teagmháil a dhéanamh lena nÚdarás Áitiúil agus iarraidh orthu an fhaisnéis chuí HPL1 a fháil díreach ó na Coimisinéirí Ioncaim ar a son.

Back to top *T*