Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Seirbhísí Tithíochta

Déan Iarratas ar Thithíocht Shóisialta


Tithíocht Shóisialta

Is í Comhairle Contae Mhaigh Eo is mó a chuireann cóiríocht ar fáil do dhaoine a bhfuil tithíocht de dhíth orthu. Caithfidh go mbeadh fíorghá agat le tithíocht agus tú gan a bheith ábalta cóiríocht a sholáthar as d’acmhainní féin. Is gá go mbeadh glactha ag Comhairle Contae Mhaigh Eo leat mar dhuine a bhfuil gá acu le tithíocht acu. Leithroinntear tithe ar iarratasóirí in ord tosaíochta, agus gach cúinse á chur san áireamh.  

Conas iarratas a dhéanamh ar Thithíocht Shóisialta? 

Déan Foirm Iarratais le haghaidh Tithíocht Shóisialta a chomhlánadh agus seol ar ais go dtí an oifig tithíochta i do cheantar í.

Céard a tharlaíonn nuair a chuirim iarratas isteach?

Má mheasann Comhairle Contae Mhaigh Eo go bhfuil gá agat le tacaíocht thithíocht shóisialta, cuirfear tú ar an liosta feithimh tithíochta. Faoi mar a thagann tithe chun cinn le ligean ar cíos, leithroinnfear iad ar iarratasóirí ón liosta feithimh de réir scéim tithíochta sóisialta na comhairle agus na cúinsí ábhartha á gcur san áireamh.

Tá sé de chead agat trí cheantar ba mhaith leat cónaí iontu a shonrú ach ba cheart duit an méid seo a chur san áireamh: má roghnaíonn tú ceantar a bhfuil tóir mór air, tá seans ann go mbeifeá ag fanacht níos faide ar thairiscint tithíochta ná mar a bheadh dá roghnófá ceantar a bhfuil tóir níos lú air.

Má thairgítear teach duit nach bhfuil ag teastáil uait, is féidir diúltiú dó. Sin ráite má dhiúltaíonn teaghlach do thairiscint réasúnta tithíochta sóisialta faoi dhó thar thréimhse 12 mhí, cuirfear as an áireamh é le haghaidh leithroinnte tí ar feadh tréimhse bliana.

Cóiríocht gan troscán atá i gceist le tithíocht údaráis áitiúil. Má thairgítear teach údaráis áitiúil duit tá seans go mbeifeá i dteideal cúnamh a fháil ón seirbhís leasa pobail. Déan teagmháil leis an Oifigeach Leasa Pobail le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis seo. 

https://www.hse.ie/eng/services/list/4/olderpeople/carersrelatives/community-welfare-services-.html 

Back to top *T*