Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Seirbhísí Tithíochta

An Scéim Cheannaigh (Incrimintigh) Tionónta


In Eanáir 2016 tháinig Scéim Cheannaigh (Incrimintigh) ag Tionóntaí i bhfeidhm le haghaidh tithe Údaráis Áitiúil atá ann faoi láthair.

Más tionónta de chuid an Údaráis áitiúil thú atá ag cur fút i dteach de chuid an údaráis áitiúil atá ar fáil le díol faoin scéim agus má chomhlíonann tú na critéir teidlíochta, is féidir leat do theach a cheannach.

Sin ráite, tá roinnt cineálacha tithe agus úsáidí as tithe nach bhfuil incháilithe faoin scéim, áfach, amhail nach bhfuil incháilithe faoin scéim, ina measc

  • Árasáin, (tá scéim cheannaigh ar leith d’árasáin i bhfeidhm)
  • Tithe a dearadh go sonrach lena n-áitiú ag daoine scothaosta
  • Tithe a dearadh go sonrach i timpeallacht ghrúpa lena n-áitiú ag baill den phobal taistealaithe agus
  • Tithe i bhforbairt phríobháideach a d’aistrigh an forbróir chuig an údarás áitiúil

Rialacha

  • Is féidir le tionónta na dtithe údaráis áitiúil atá cuimsithe faoin scéim iarratas a dhéanamh ach ní mór dóibh cineál éigean forlíonadh tithíochta sóisialta a bheith á fháil acu ar feadh bliana ar a laghad, agus ní mór dóibh oll-ioncam bliantúil a bheith á fháil acu, arna dhearbhú ag an údarás áitiúil de réir rialacha na scéime.
  • Íocfaidh tú luach margaidh an tí – lúide lascaine.
  • Ag brath ar ioncam, beidh na lascainí idir 40% agus 60%.
  • Gearrfaidh d’údarás áitiúil táille ar do theach chomh maith ar a dtugtar ‘táille cheannaigh incrimintigh’. Beidh an táille cothrom leis an lascaine a gheobhaidh tú ar phraghas an tí.
  • Beidh an táille i bhfeidhm ar feadh 20, 25 nó 30 bliain (ag brath ar an lascaine a tugadh).
  • Gach bliain, laghdóidh na t-údarás áitiúil an táille faoi 2%. Ag deireadh na 20, 25 nó 30 bliain, beidh an táille cothrom le neamhní ar an gcoinníoll go gcloíonn tú le téarmaí agus coinníollacha na scéime.
  • Ní mór duit cónaí sa teach mar do ghnátháit chónaithe agus aontú a fháil ó d’údarás áitiúil más mian leat an teach a dhíol, a ligean nó a fholigean.
  • Beidh tú ábalta do theach a athdhíol am ar bith má aontaíonn d’údarás áitiúil.  Mar sin féin, má dhíolann tú an teach roimh dheireadh na 20, 25 nó 30 bliain beidh ort luach na táille amuigh ar do theach a íoc le d’údarás áitiúil.
  • Cosúil le gach úinéir tí, beidh tú freagrach as do theach a chothabháil agus as deisiúcháin a dhéanamh air ón dáta a cheannaíonn tú é.  Beidh ort árachas maoine iomchuí a fháil agus a choinneáil ar do theach - agus íoc as sin tú féin.
  • Féadfaidh an t-údarás áitiúil a dhiúltú an teach a dhíol i gcúinsí áirithe amhail le tionóntaí nó baill teaghlaigh a bhíonn páirteach in iompar frithshóisialta nó ag a bhfuil riaráistí cíosa.
  • I Rialacháin Tithíochta (Díol Tithe Údaráis Áitiúil) 2015 (nasc seachtrach), leagtar amach na coinníollacha maidir le tithe údaráis áitiúil a dhíol.

Déan teagmháil linn le haghaidh tuilleadh eolais.

 

Back to top *T*