Obair a dhéanamh thart ar an teach
Sa bhileog seo leagtar amach na príomhcheisteanna pleanála a bhíonn i gceist nuair a bhíonn obair á déanamh thart ar an teach – síntí, mionoibreacha, srl. Táthar ag súil go mbeidh an bhileog seo ina treoir phraiticiúil. Ní léiriú cuimsitheach dlíthiúil í ar an dlí pleanála. Má tá tuilleadh eolais uait ba chóir duit comhairle a lorg ó Chomhairle Contae Mhaigh Eo.