Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Pleanáil

Comhairliúchán Réamhphleanála


Clinicí Pleanála

Mar gheall ar Shrianta Covid 19, níl na Clinicí Réamhphleanála a bhíonn ar siúl sna hOifigi Áitiúla i mBéal an Mhuirthead, Béal an Átha, Baile an Róba, Caisleán an Bharraigh, Clár Chlainne Mhuiris agus Cathair na Mart á reáchtáil faoi láthair.

Tá muid ag reáchtáil seirbhís clinic réamhphleanála faoi láthair ar an mbealach seo a leanas:

Ríomhphost:  planning@mayococo.ie

Seol do cheist chuig an seoladh ríomhphoist thuas, agus cuirfear an cheist ar aghaidh chuig an bpleanálaí cuí le haghaidh freagra.

Teileafón (094) 9064000

Tógfar sonraí agus cuirfear iad ar aghaidh chuig an bpleanálaí cuí le haghaidh freagra.

Foirm Iarratais Réamhphleanála

Má tá tú ag iarraidh ceist fhoirmiúil réamhphleanála a chur isteach, comhlánaigh an fhoirm réamhphleanála thíos agus seol na cáipéisí cuí chuig planning@mayococo.ie 

Déanfar comhad réamhphleanála a chruthú agus cuirfear admháil ar ais chugat le huimhir thagartha.

Déanfaidh Comhairle Contae Mhaigh Eo iniúchadh ar an togra agus cuirfidh siad freagra ar ais chugat in am is i dtráth.

 

Back to top *T*